School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 171

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 171

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fearainn an Choirce
  2. XML Page 171
  3. XML “Seancheirdeanna”
  4. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is roimh an gCarghas is mó a bpósann na daoine i-n-Árainn. Sí an mhí is mí-rathamhla Iúl, agus is corr-dhuine a phósann ar feadh na míosa sin. 'Siad na laethanta is mí-rathamhala ná Dia h-Aoine agus Dia Sathairn. Tugas airgead agus stoc mar spré. Bhíodh bainfheis aca fadó mar a bhíonn anois. Is éadach gorm is gnáthach leis an mnaoi a bheith uirthi. Bhíodh na mná ar chúl na bhfear fadó nuair a bhíodh achar fada le dhul aca. Nuair a bhíonns na daoine ag dul ag a bpósadh is amhlaidh a théigheann siad amach an doras ó thuaidh, agus nuair a thagann siad ar ais tar éis a bpósta tagann siad isteach an doras ó dheas. Ní théigheann corr-bhean ag an Aifrionn tar éis a bpósta nó go mbíonn siad mí pósta, agus ní théigheann sí i-dteach a máthair acht an oiread nó go mbíonn sí mí pósta. Nuair a thagann an bhean phósta abhaile buaileann bean dá bhfuil istigh insan teach cáca bácáilce atá i-n-a cheithre cuideannaibh ar a ceann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Bhriain
    Gender
    Female
    Address
    Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Bean Shéamus Uí Fhátharta
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Address
    Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe