Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá tobar i gCilléinde darbh ainm tobar Chuilm Chille, agus tá tobar éinde ann freisin. Bíonn na daoine ag dul ag rádh páidreacha agus ag tiubhart turais ortha uair gach bliadhain. Ar an naomhadh lá de Mheitheamh a téigheann na daoine go dtí na toibhreacha seo. Téightear trí uaire timcheall an tobar agus deirtear páidreacha agus caaithtear cloch beag isteach ann gach uair. Tá tobar Chiaráin i Mainistir. Tá teampall Chiaráin tamall bheag ó'n tobar agus sin é an fáth a dtugtar an tainm sin air. Tá tobar Ceathrar Áluinn i gCobhruach. Ta ceathrar naoimh curtha ann. Tá Tobar Mac Duach agus Tobar Bholláinín lamhair i gCillmhuirbhigh. Ba é Mac Duach a rinne an teampall atá lena thaobh. Ta teampall bhrioscáin in Conacht. céibí lá is maith leo teacht ann; ach is faoi fhé'le. sin Seain is minice a théigheann siad ann. Tugann siad cuid den uisce abhaile leo chun é ól le leigheas ar bith. Fágann siad airgead is cnaipí is Medals is chuile shórt ann, le taobh an tobair.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ó hIarnáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Uá Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe