School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fearainn an Choirce
- XML Page 145
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí beirt fhear ar an gceann shiar de'n Oileán i gCillrónáin fadó, nuair a bhí a ngnó déanta aca i gCillrónáin, chuaidh siad isteach i dteach ósta ag ól braoin uisce beatha . Bhí siad ag ól agus ag cainnt gur tháinig an tráthnóna. Dubhairt duine aca leis an duine eile go raibh sé in am a bheith ag dul abhaile. D'éirigh siad agus thugadar aghaidh ar an mbaile. Shiubhaileadar leo gur tháinig siad go dtí Creig-an-Chéirín. Ba as Creig-an Chéirín duine aca, agus as Bungabhla an duine eile. Dubhairt fear Chreige-an-Chéirín go ngabhadh sé siar chomh fada le Bungabhla leis an fear eile agus chuaidh. Nuair a bhí sé shiar chomh fada le Bungabhla, dubhairt fear Bungabhla go ngabhadh sé soir chomh fada le Creig-an-Chéirín leis féin, agus chuaidh Mar gheall ar an mbraon a bheith ólta aca . Bhí siad ag dul siar agus soir go raibh sé ina lá geal ar maidin.(continues on next page)
- Collector
- Cáit Ní hIarnáin
- Gender
- Female
- Address
- Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Pádhraig Ó hIarnáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe