Scoil: Lisín na hEilte (Buachaillí)
- Suíomh:
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Séadhacháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 156](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0017%2FCBES_0017_156.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 156
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis an gcailín gur gearr go ndeacaidh cuimhne an fhir mhóir leis an gCaisleán as a mheabhar. Go deimhin badh cuma léithe teach mór nó teach beag a bhí aige nuair a thuit sí i bfíor grádh leis an londubh.
Bhí an beirt aca chómh cruadhógach i gcainnt is i gcómhrádh ar an mbealach abhaile 'gus beag áird do bhí aca cá raibh an sean láir ag imtheacht agus sul a bhí fhios aca bhí sí seasta ag cocha féir do bhí leath taobh an bhóthair. Ní luaithe a shrois an láir an cocha féir na thug sí léim san aer agus leig sí trí gnúsa astí go h-obann mar in a luighe le hais an cocha bhí fear sínte amach ar nós corpán.
Bhí a chuid éadaighe stróchtha agus é clúiduighthe le salachar, bhí a shrón cómh mór is cómh dearg le h-ubhall agus bhí a shúilibh chómh dubh le tóin a'phota. Sé'n Cráidhteachán a bhí ann. Ní luaithe a chonnaic an cailín beag é na gur chas sí a suilibh ar an londubh agus ag tuitim anuas ar a glúnaibh thug sí buidheachas do Dhia agus Naof Pádhraich nár cuireadh an Cráidhteachán in a bealach mar fear céile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirtín Mac an Bháird
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Paiste, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Labhras Ó Maolciarán
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe