Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Leathanach 047
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí bean ann fadó agus bhí triúr mac aice. Nuair a bhí an chéad mac sean go maith, dúbhairt sé go raibh sé in am aige a dhul ag saothrú a bheatha go cheann tamall.”
SgéalBhí bean ann fadó, agus bhí triúr mac aice. Nuair a bhí an chéad mac sean go maith, dubhairt sé go raibh sé i n-am aige, a dhul ag saothrú a bheatha go cheann tamall. Rinne sí cáca cruithneacht agus dubhairt sí, cé is feárr leat anois ar sise, an leath mhór is mo mhallacht, ná an leath bheag is mo bheannacht. Dubhairt sé go mba bfeárr leis an leath mór is a mhallacht, thug sí mallactaí dhó, agus d'imthigh sé as a amharc
Thárla an rud céadhna de'n dárna mac, agus dubhairt sé go raibh sé ag dul ag imteacht agus rinne sí an cleas céadhna, agus dubairt sé go bhfeárr leis an leath mhór is a mhallacht, agus bhí sí ag cur mallachtaí in-a dhiaidh gur imthigh sé as a amarc. Tháinig an dára mac an an áit céadhna a raibh an chéad mhac, ag an fear céadhna, agus ba é an posta a bhí aca, ag tabhairt a mháthair amach gach uair dá n-iarrfadh sí air é. Shocruigh sé croiceann caorach a chur air, ac is é an uair a bhí sé ag teasdal uaithe, a dhul amach, nuair a bhéadh an béilí réidh. Faoí cheann tamaill, bhí an treas mac ag boga amach, agus dubhairt sé go raibh sé ag [!] in-aonfheacht leis an mbeirt eile. Rinne an mháthair cáca, agus nuair a bhí sé déanta, d'fiafruigh sí dhó, cé is feárr leat, an leath mhór is do mhallacht, nó, an leath bheag is do bheannacht, agus dubhairt sé go mbeárr leis an leath bheag is a bheannacht. Bhí sé ag imtheacht nó go dtáinig sé cho fada le tobar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Bn Uí Bhairéid
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 77
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an tSagairt, Co. na Gaillimhe