Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Leathanach 049
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Aon uair amháin bhí fear ann, agus bhí sé ag ithe cnó i gcomhnuidhe.”
(ar lean ón leathanach roimhe)fear a bhí ag briseadh na gcnó gurbh é an fear é a chuaidh ag iarraidh an chaora. Bhfuil sí rabhar a dubhairt sé. Chaith an fear a mháthair uaidh annsin, d'éirigh an chailleac agus rith sí isteach. "Nuair i truagh de'n chailleach caithfeadh sí rith".Scéal
“Aon uair amháin bhí bean ann, agus sé an t-ainm a bhí uirthí nár an Chailleach Bhéara, an-spealadoir a bhí inntí.”
Sgéal.Aon uair amháin bhí bean ann, agus sé an t-ainm a bhí uirthí ná, an Chailleach Bhéara, an-spealadóir abhí inntí. Bhíodh an chailleach Bhéara ag baint fhéir go minic agus bhí an-chleachta aicí.
Bhí sí fhéin agus fir, ag coimhlint go minic agus d'fághadh sí an ceann a bfearr i gcomhnuidhe. Bhíodh an ceann le cailleadh ag an té a mbuaidhfeadh sí air.
Aon lá amháin, bhí sí fhéin agus fear le dhul ag baint. Chuaidh an fear seo go dtí an gceártan, agus fuair sé bioranna iarainn agus chuir sé ins an bpíosa iad a bhí le baint ag an gcailleac. Nuair a bhuailfeadh an chailleach an speal in-aghaidh an píosa iarainn deireadh sí, faobhar, faobhar, a bhainfeadh féar, agus deireadh an fear, ní h-eadh acht fear maith láidir, agus speal mhaith géar. Fuair an fear an buaidh uirthí, agus chuir sé deireadh leithí.- Faisnéiseoir
- Seámus Ó Coincheanainn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Baile an tSagairt, Co. na Gaillimhe