Scoil: Sgoil Mhuire (An Clochar)
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. Maelsheachlainn Seoighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ar a dhruim
Ní airighim siopa monicú tá amuigh i lár Tír an Fhiaidh
an comhair-sa ‘gus an bonov agus Pádraigh na Crapaighe
Acht bhuailfheadh Larry amach iad marach bróga Chinnéidigh
Tá siopa tighe Larry chómh maith is atá sa tír
Tá plúr chómh maith is tá i nGaillimh aige is tae dá dhíol go saor
Tá gach uile rud sáthach ceart aige acht Bróga Chinnéidigh
III
Níl gléas ar bith in Ghaillimh a dhéanfhadh bróga Chinnéidigh
acht tá said ag teacht ó Shasana is iad fuaighthe le maisín
iad lán de pháipéar gorma is sean-ragannaí
gan blas ar bith ariamh ionnta acht chreacain? An t-sean-laoigh
cailleadh leis an donacht iad sul ar ól siad an bainne buidhe
rachaidh mé go Gaillimh nó go bhfeicheadh mé fear dlighe
is ní fhillfhidh mé abhaile nó go ndéanfaidh mé “Degree”
mar gheall ar an dochtúr atá ar a leabhaidh ann
Do bhárr an droch-boladh a fuair sé as bróga Chinnéidigh- Faisnéiseoir
- Seán Ó Gamhnáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Seanadh Gharráin, Co. na Gaillimhe