Scoil: Sgoil Mhuire (An Clochar)
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. Maelsheachlainn Seoighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D’aon deór choidhchinn
Thóghfadh sí gach ceó dhíom gach brón de ló is d’oidhche
Is nach deas as tógháil í a stóirín geal mo chroidhe
IV
Ní bhéarfainnse mo stóirín ar airgead ná ar maoin
Ar mhór chuid an t-saoghail go deo, deo ar an tsaoghail
Acht pósfhaidh mé san bhfóghmhar is go deo ní chaillfidh í
Acht sé dubhairt mo dhaide liom-sa dul ar lorg mhnaoi
V
Tá féar fada ag fás san ghleann a bhfuil mo mhnaoi
Tá ubhlaí blasta ag fás ann, plúr is cruithneacht buidhe
Tá mil na mbeach faoi Cháisg ann is amach go féile Mhíchil
Is dá mbéinn ann leatsa a stóirín geal mo chroidhe
VI
Bean is cúpla bó léithe is cuid do’n ór buidhe
Acht bhfearr duit-se go mór-mór a bheith go macánta céille
Ní bean gan eolas a bheith ag ceóltóireacht
Is ag gabhail fhuinn
VII
Is iomdha cailín áluinn idir Gaillimh is Tráigh-lí
A bhfuil racaí ina gceann is lasaí geal leo síos
Ceapann siad gur breagtha iad ná an gheallach san
Meadhon-oidhche
Acht ní bhéarfainn-se mo ghrádh geal ar mór-chuid cailíní
VIII
Chaith mé an bliadhain anuraidh is mé faoi bhrón is briseadh croidhe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Gamhnáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Seanadh Gharráin, Co. na Gaillimhe