Scoil: Sgoil Mhuire (An Clochar)
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. Maelsheachlainn Seoighe
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 189](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0063%2FCBES_0063_189.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 189
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus a hata leis an airgead. Nuair a bhí a dhothain airgead thughtaí leis aige. Chuir sé an madad in a shuidhe ar an mbosca aríst agus tugh sé leis a gcota. Nuair a bhí sé réidh chuaid sé go dtí an seómra a bhí in-aice leis. Bhí madadh mór eile sa seómra seo agus súile mór millteach ann leag sé an cóta ar an dtalamh agus leagh sé an madhad anuas air. Bhí an seómra seo lán de puint. Chait sé amach na pigheacha agus lion sé a phochaí le puint. Annsin chuaid sé amach. Agus dubhairt an bhean leis nuair a bheadh sé ag dul isteach bosca snaoisín a tabhairt amach aice. Bhí sé an deachair aige a teacht amach mar bhí ualach mór airgead aige. Bhí an bhean roimhe nuair a bhí sé ag teacht amach agus bain sí [!] an cloigheann dhó. Chuaidh sé go dtí an baile mór agus fuair sé loistin ins an dteach osta.
Nuair a bhí an t-airgead chaithte aige. Fuair sé an bosca snoisín [!] shíos ar iochtar a phoca agus leag sé a láimh air. Agus tháinich an madad mór agus leag an fear a láimh air agus d'fiafruigh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Feínneadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe