Scoil: Sgoil Mhuire (An Clochar)

Suíomh:
An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. Maelsheachlainn Seoighe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 191

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 191

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sgoil Mhuire (An Clochar)
  2. XML Leathanach 191
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanscéal (ar lean)

    Bhí baintreabhach ann aon uair amháin agus ní raibh aici acht mach amhain agus bhí sé bliadhain is fiche sul mar d'fhág sé an cliabháin.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Aon lá amháin d'imthigh a mhatháir amach ag iarraidh uisge agus nuair a tháinich sí isteach bhí sé ina seasamh i lár an urláir agus dubhairt sé. Tá tusa ró fhada ag sothláir domsa agus tá sé in am agam-sa tosughadh ag sótláir dhuitse anois. Is fearr go deireannach ná go bráthach arsa sise leis. Mar sin a deir sé fágh dom sean gioblaca a fhalocas mé sul ngabhas mé amach ós comhair na ndaoine. Annsin rug sí ar na h-éadhaigh leabhtan agus dfuaghail sí le céile le ruadóg iad mar nach raibh aon snáth aiche, Ni túisge bhí na h-éadhaigh air ná as go bráthach leis agus níor stad sé nó go dtháinich sé go dtí áit a raibh cuirt mór dhá chur ar bun.
    Bhí na sluaighthe daoine ag obhair thart timhcheall na háite in a raibh an cuirt agus nuair a chonnaiceadar mach na Baintreabhaighe ag téacht, sganruigheadar agus riteadhar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Gamhnáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Spidéal, Co. na Gaillimhe