Scoil: Shindilla (uimhir rolla 14285)
- Suíomh:
- An Lorgain nó Sindile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na h-éanlaidheMa bhíonn droch aimsear ann bíonn an crotach ag sgréachail agus an chaileach dubh na sgíathanaibh oscailte amach aice ar na carragrachaibh.Bíonn an corr éisg ag rith ins na portacaBíonn an pilibín ag feadghail agus bíonn an faoileán ag eitil isteach ón bhfairrge ins na cladaí
An gadharBíonn an ghadhar ag ithe féir agus an cat in aice leis an teindeadh i gcomhnaidhe. Bíonn na h-asail agus na capaill ag rith ar fasgadh.
Na caoraighTagann na caoraigh as an croc ins na ngarrdha
An ghrianBíonn an ghrian dearg ag eirghe ar maidin
An ghealachBíonn an ghealach ag rith na spéir agus bíonn garrdha timcheall uirthi
Na réalta. Bíonn na réalta ag dul as.Na scamaill. Bíonn na scamaill dorcha agus ag rith sa spéirNa gaoithe. 'Sí gaoth is mo a bheireann báisteac leith
an gaoth anoir ndeas agus an ghaoth aniar ndeas.
Bíonn aimsear mhaith ann leis an ngaoith anoir a dtuaidh
An spéar. Bíonn an spéar dearg thoir agus bíonn scamaill innti freisin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Bhreathnaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ard-doire na gCléireach, Co. na Gaillimhe