Scoil: Shindilla (uimhir rolla 14285)

Suíomh:
An Lorgain nó Sindile, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 292

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 292

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Shindilla
  2. XML Leathanach 292
  3. XML “Oíche na Gaoithe Móire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ar Oidhche Chinn an Dá lá Dhéag a bhí Oidhche na Gaoithe Móire sa mbliadhan 1839. Bhí an stoirm ann an oidhche sin. Leagadh go leór croinnte agus stróiceadh iad o'na preumhacha. Bhí an talamh ag crith agus leagadh go leór tighthe. Cháill an ghealach agus an ghrian a soillse agus bhí na réalta ag tuitim ins na mílte. Bhí na carragrachaibh ag pléascadh agus bhí na h-éisg ag fághail bháis. Fuair na beithidhigh, na caoraigh, na capaill agus go leór ainmhidhthe bás. Sgannruigh sé chuile dhuine agus is duine gan aon ciall adeireadh nach chuir sé (-) orra istigh in a gcroidhthe. Bhí na daoine ag crith le eagla mar ceapadh go raibh deireadh an domhain ann. Bhí na tonnntracha ag eirghe comh h-árd leis na tighthe agus cubhar orra ag briseadh in aghaidh na trágha. Is beag nar bádhadh ar nós an dílionn fadó. Is ar a leath-uair tar-éis a naoí san oidhche a thosuigh na Gaoithe Móire.

    Tomás O Niadh
    Cros Bhóthair Máma
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    2. próisis agus feiniméin
      1. gaotha (~357)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Niadh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Teach Dóite, Co. na Gaillimhe