Scoil: Shindilla (uimhir rolla 14285)

Suíomh:
An Lorgain nó Sindile, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 291

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 291

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Shindilla
  2. XML Leathanach 291
  3. XML “Galar a Tógadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sa mbliadhan 1918 tar-éis an cogaidh mhóir tháinig an galar ar muinntir na h-Éireann. Droch shlaghdán a bhí ann agus tugadh an flú air. Deirtear gur aicide í a tháinig as tíortha eile mar gheall ar an Chogadh mhór. Cailleadh go leor daoine leis ní túisge a bheadh sé ag duine amháin ná bheadh sé ag duine eile. Is iomdha uair a bheadh daoine fágtha ins na tighthe le seachtmhain gan iad do chuir mar bheadh faitchíos orra go dtógfhadh siad é. Dubhairt cuid de'n na daoine go leigheasocaidh poitín é. Leigheas sé cuid acu acht cailleadh an cuid is mó acu. 'Sé na daoine is láidre a bhí ag fághail bháis.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    2. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Niadh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Teach Dóite, Co. na Gaillimhe