Scoil: Shindilla (uimhir rolla 14285)
- Suíomh:
- An Lorgain nó Sindile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Shindilla
- XML Leathanach 297
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is ceart go dhaoine pósadh a déanamh ar De Máirt agus De Céadaoin. Caitheann daoine eadach gorm, bán, agus donn. Is sean-fhocal é seo. "De Luain agus De Máirt soir." Nuair a phósann daoine i ngorm beidh an t-adh orra, nuair a phósann daoine i mbán beidh siad go deas le chéile agus ní bheidh siad ag troid. Nuair a phósann siad i nglas mairfidh siad i nhfad ó bhaile. Is pisreóg a bhíonn acu nuair a bhíonn síad ag teacht amach as teach an phopail tar-éis a bheith pósta, an duine a thiocfaidh amach i dtosach geibhfidh sé sin bás i dtosach. Is sean-fhocal é seo "pós i ngorm i rud eicint nua agus i rud eicint ar iasacht agus i rud eicint bán." Nuair a bhídís ag pósadh fadó bídís ag cuir seál le daoine eile orra. An lá a phósanna siad ní dhéanann siad aon obair ar bith. Ní théigheann siad abhaile go ceann míosa. Déantar cleamhnas thart timcheall na h-áite seo fós.Tagann an buachaill go dtí teach an chailín agus fiafhruigheann sé í. Mar nach bhfuil sé sásta leis an spré ní thógfaidh sé í acht má tá, leagann siad amach lá le h-aghaidh na bainfheise: Tugtar beithidhigh agus airgid mar spré. Cuid acu geibheann siad céad púnt.
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Bhreathnaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Teach Dóite, Co. na Gaillimhe