Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)
- Suíomh:
- An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 355
- XML “An Tiarna Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear darbh ainm dó Hudson in a thighearna talmhan ar Gleann fadó agus bhí fear eile darbh ainm dó Griffit in a thigearna ar Fearamháin. Tá a shliocht ins an áit fós. D’fan siad ins an áit ar feadh a saoghail. Ní raibh siad ró-cruaidh ar na daoine, agus deirtear nár cuireadh mórán daoine as a gcuid seilbhe. Théigeadh na daoine sin go Sasana nó tógadh siad teach suas ins na sléibhte. Tá a lán sean-fhothrach tighe suas ins an sléibhte. Nuair a bhí an gorta ann chuadar suas ins na sléibhte nuair a cuireadh ó na seilbh iad. Deirtear gurb iad na maoir a cuireadh na daoine as a gcuid seilbhe. Thagadh siad ins an oidhche agus thógadh siad an stuic. Chuireadh na daoine an glas ar na dorsí ar fhaithchíos go dtiocfadh na maoir. Act bhrisead siad na doirsí agus thógadh siad na beithidhigh.Bhíodh troid go minic idir na maoir agus na feirmeóirí. Lá amháin, tháinic cúpla maoir go dtí an fear seo ag iarraidh an bulóg breágh a bhí aige air. Bhí an feirmeóir ag súl le luach maith ar an bulóg ag an aonach, agus ní sgarfadh sé leis. D'éirigh an maoir ar buille agus chuaidh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann