Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)
- Suíomh:
- An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 390
- XML “Grinnscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Grinn-ScéalSeo é an sean-scéal a chuala mé. Bhí fear ann fadó agus soar [!] cloch a b'eadh é. Bhí aon mach amháin aige. Lá amháin chuir sé an mac chuig an mhargadh lá ama [!] agus thug sé craiceann caorach dó agus dubhairt leis gan teacht abhaile chuige féin gan teact an craiceann sin agus a luach. D'imhthigh an mach chuig an mhargadh agus chuile dhuine a d'iarrfhadh dhó luach an craiceann déarfhadh sé "craiceann agus a luach." Bhí sé a dhul thar teach mhór agus bhí cailín aimsire ann. Thóg an cailín an craiceann agus bhain sí an t-olann de agus bhain sí leath den craicean[n] dhe freisin. Annsin thug sí pighinn go leith agus an méid eile don craiceann dhó arís. Nuair a tháinig sé abhaile chuig a athair dubhairt sé leis í sin a phósadh. Phós sé i agus thug sé leis abhaile í. D'iarr tighearna talamh air teach a dheanaidh dhó fhéin. Thosuigh an saor cloch ghá dhéanamh, agus bhí an tighearna le'n a marbhú nuair a bheadh an teach mór déanta aige ar eagla go ndéanfhadh sé teach chomh deas leis do dhuine ar bith eile. Chuile áit a bheadh an saor cloch ag obair(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Criostína Ní Fhlannchadha
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Fhlannchadha
- Inscne
- Baineann