Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)
- Suíomh:
- An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 357
- XML “Seaniarsmaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá a lán iarsmaí ar Inis an Ghaill amuigh ar Loch Choirib. Tá an t-óileán tuairim trí mhíle go leith ó Ghleann. Tá reilig beag ins an oileán. Tá crosanna nó clocha ós cionn gach uaigh. Tá sgríbhinn ar gach leac dhiob act ní féidir iad a léigeadh mar tá an sgríbhinn i Laidin.Tá daoine as Gleann curtha ins an oileán. Deirtear go bhfuil neacht Naomh Pádraic curtha ann freisin. Tá dhá theampaill ins an oileáin, teampaill Naomh Phádraic, agus teampaill na Naoimh. I dteampaill Naomh Phádraic tá áltóir déanta de cloch agus tá ríon glún ar an áltóir. Deirtear gur leag Naomh Phádraic a glún ar an áltóir nuair a bhí sé ag leigheadh Aifreann.Tá cloch eile taobh leis an áltóir agus tá lag ina lár. Bíonn uisge beannuighthe ins an glcoh i gcómhnuidhe. Tá fuinneóg beag ós cionn an altóir. Tá doras aluinn ins an dteampaill eile. Tá dealbh de gach naomh ós cionn an dorais.Tá oileán eile agus sé an t-ainm atá air ná Caisleán na Cirche. Bhí cearc agus coileach ins an oileán tráth. Bhí a airm féin ag an gcerc agus bhí airm eile ag an gcoileach. Bhí troid fuilteach eatorra agus bhí an buad leis an gcearc. Tugtar Caisleán na Circe ar an oileán ó shoin.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Uaitéar Mac Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60