Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmucadha
- XML Leathanach 003
- XML “Tomás Buí Úraid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tháinig brionglóid ag Tómas Buidhe Úirid trí oidhche i ndiaidh a chéile go bhfuigheadh sé pota óir in aice le droichead Luimnighe. Níor chuir sé aon t-suim ann an chéad oidhche ná an dara h-oidhche acht badad nuair a tháinig sí an tríomhadh h-oidhche chuir sí iongadh air. “Bhí brionglóid agam le trí oidhche i ndiaidh a chéile go bhfuighinn pota óir in aice le droichead Luimnighe” ar seisean le na bhean maidin lár na bháireach. “Ara ná bac léithe” ars an bhean leis. “Dheamhan foras ná suaimhneas a dheanfas mé dteighidh mé ann” arsa Tomás. Gléas mo lón dhom go mbuailfidh mé bóthar.
“Acht cé’n chaoí a siubhalfaidh tú é” ars an bhean. “Buailfidh mé a leithead den aimsir air” arsa Tomás. Chaith sé dhe a bhróga, chroch sé leis a cháca mine choirce agus bhuail sé bóthar go Luimneach. Chaith sé trí lá ag dul go Luimneach ag codhladh i gcocaí féir.Ag a dó-dhéag an tríomhadh lá bhí sé ar dhroichead Luimnighe. Ní corróchadh éan ar chlaidhe ná luch ar bhóthar i nganfhios dhó. Chaith sé an lá sin ag cuartúghadh acht toirt fiadh nó fionnóige ní bfhuair sé. “Caithfidh mé an lá amáireach leis ó chaith mé an lá indiu leis” ar seisean.Timcheall’s a dhó-dhéag lár na bháireach bhí sé ag siubhal thar dhoras tighe caibléara.“Muise ar mhiside dhom a fhiafruighe céard é do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Colm Cartuir
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seóirse Cartuir
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe