Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmucadha
- XML Leathanach 018
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí cailín Gaedhealach sa Spáinn ar aimsir.”
Bhí cailín Gaedhealach sa Spáinn ar aimsir. Bhí inghean ag an Rígh ag a raibh sí ar aimsir. Lá sa Samhradh tháinig scallán gréine isteach sa seomra. Bhí ingean an Ríogh agus cailín na h -Éireann ag breathnú air. “Buidheachas le Dia a’s le muire” arsa cailín na h-Éireann “nach bréagh an lá atá ann”. “Cé nach é m’athair a chuir ann é” arsa inghean an Ríogh. “Ó ní h-é acht Dia atá sna Flaithis” arsa cailín na h-Éireann. Dfiafruigh sí arís, “Cá raibh Dia”. “Tá sé sna flaithis” ars an calín Gaedhealach “agus tá teachtaire uaidh in Éirinn”. “Má tá a leitheide ann go dtógaidh Dia san air chuige mise” ars an cailín Páganach.Ní túisge a bhí na focla as a béal nuair a deirigh sí san aer agus tháinig sí i na scamall dubh ós cionn Naomh Pádhraig in Éirinn. Bhí brat beannuighthe ag Naomh Pádhraig agus dhá mba neach beannuighthe a bheadh ann scarfadh an brat amach agus dhá mba neach malluighthe é chrapfadh sé ar a chéile. Dfoscail Pádhraig an brat, leag sé ar an talamh agus scar sé amach. Ní túisce dfoscail sé ná amach leis an gcailín in éinis. D’fiafruigh naomh Pádhraig dhe cé as a dtáinig sí. Dinnis sí an scéal ó thús deire dhó agus annsin bhaist sé í. Sén t-ainm a thug sé uirthe Áine Ní Ailne. Dubhairt sé fhéin go gcoinneóchadh sé i na searbhontaigh í.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Colm Cartuir
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seóirse Cartuir
- Inscne
- Fireann