School: Clochar na Toirbhirte, Liostuathail (roll number 4062)
- Location:
- Lios Tuathail, Co. Chiarraí
- Teachers: Bríd Nic Oscair An tSr. Íde An tSr. Muire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Toirbhirte, Liostuathail
- XML Page 359
- XML “Fothracha - Lios Uí Dhuilleáin”
- XML “Fothracha - Lios an Bhreathnaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)isteach san lios. Chuala sé a lán daoine ag amhránuidheacht ann, agus thuit sé 'na chodhladh. D'fhan sé ann ar feadh na hoidhche. Nuair tháinig sé cuige féin ar maidin d'éirigh sé chun dul abhaile. Rug lámh air, agus ní raibh sé ábalta. Annsan do chuala sé na daoine ag déanamh fothroma, agus annsan dhein sé iarracht eile chun dul abhaile, ach theip air. Tháinig a mhuinntir ar a lorg, fuaireadar é, thógadar abhaile é, agus d'éag sé i gcionn cúpla lá.
- Ar thalamh muinntir Bhreathnach atá an lios, gairid do Baile an Bhuinneánaigh. Ba mhinic muinntir na h-áite ag dul isteach ann chun éanlaith do lámhach nó do mharbhú ar shlighe éigin. Oidhche amháin chonnaic fear éan bán agus chaith sé urchar léi. Leig sí scread aisti cosamhail le duine daonna. Chaith sé urchar eile léi ach theip air í do mharbhú. Tháinig eagla air & theith sé leis abhaile. Annsan d'éirigh sé breóite agus níor éirigh sé de'n l