Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ánn fadó, agus is é an t-ainm a bhí ar Seán. Bhí sean-chapall aige agus bhí sé ag dul dá díol. Thug sé biadh le n-iththe dí ar maidin, agus chuir sé dhá leath-choróinn thríd an mbiadh dí, agus shlug an capall iad. D'imthigh Seán leis moch go maith ar maidin, an capall aige, agus é ag triall ar an aonach. Ní fada bhí sé nuair a chasadh beirt cheannuidhthe dó, ceannuidhe beag agus ceannuidhe mór. D'fhiafhruigh an ceannuidhe mór dó an mór a bheadh uaidh ar an gcapall. Trí chéad púnt arsa Seán, ach níor b'fhiú a leath í. Bhuail an ceannuidhe mór buille de'n mhaide a bhí i na lámh aige ar an gcapall go bhfeicfeadh sé an raibh sí láidir agus rug sí leath-choroinn. Bhuail sé buille eile uirthe, agus rug sí leath-choróin eile, ach bhris sé an maide a bhí aige.
Bhí fhios ag Seán annsin ó thárla gur bhris an cheannuidhe an maide nach mbuailfeadh féin ní bhéarfadh an capall aon leath-choróin eile, agus ní cheannóchaidís chor ar bith annsin í. Dubhairt an ceannuidhe mór annsin leis an gceannuidhe beag go gceannóchaid(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó hIarnáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Crompán na nUaimíní, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó hIarnáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Crompán na nUaimíní, Co. na Gaillimhe