Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán na Trá Báine
“Níl ins an gCruinne acht an taon bhaile amháin ¶ Mar baile na sinsir í talamh Trágha Bháin”
I
Níl ins an gCruinne acht an taon bhaile amháin
Mar baile na sinsir í talamh Trágha Bhain
Is luaithe bhéas Calodh ó Morris mo bhrigh
Nuair a chuimhnighim ar an mbaile údan a thógann mo chroidhe
II
Ar mhullach na háil ainigh ar maidin lae chiúin
'Sé binn dom bheith ag féachaint ar lonnradh na gcuan
Tá na tonnta ag rinnce ar Chuan An Fhir Mhóir
Ó chor na Trágha Báine go bun leitir mór
III
An t amharc breagh áluinn tá ann ar gach taobh
Ó Shléibhte Thír Chonaill go háluinn na ndéag le srutháin 's le gleannta is le locha geal glé(leanann ar an chéad leathanach eile)