Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dá níghfeá téadan 'sa drúcht maidean lae Bealtaine ní dhóighfeadh an ghrían thú ar feadh an t-Samhraidh
Pisreóga.
1. An céad duine a d'eireóchadh ar maidean seólfadh sé na beithidhigh Roimh fadúghadh na teineadh dhóibh. Dá ndeanfadh é sin an lá sin méadóchadh an bhainne dóibh agus bheadh go leór bainne aca.
2. Caitheann bean an tighe lus buidhe ar leic an dorais sul dá dtiocfadh bean na bpirseóg agus pisreóga a chaitheamh ar mhuinntir an tighe.
3. Baineann fear an tighe duilleóga chrainn chaorthainn agus seolann sé na beithidhigh leis, le go mbeadh siad go maith agus nach dtiocfadh aon tinneas ortha.
4. Ní maith lena daoine aon splannc a thabhairt amach as na tighthe Lá Bealtaine
5. Má tugtar biadh diut idtigh agus go nduiltuigheann tú é a ghlacadh ní maith leó é.- Bailitheoir
- Seósamh Ó Eidín
- Inscne
- Fireann