Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)choingbháil diúnta agus 'sé an maide bhiodh ag an máighistreas agus í ag bualadh na ngasúr nuair a bheadh olc uirrí.
Sean sgoil ceann tuighe abhí 'sa gCnoc le linn na sean daoine ar an mbaile seo a bheith ag fás suas.
Sul ar deanamh an sean sgoil abhí 'sa gCnoc bhiodh fear ag siubhail na dtighthe ag múineadh na ndaoine. Bhiodh ortha beagán airgid a thabhairt dhó mar is ar an airgead seo a mhairfeadh sé.
Ceann tuighe abhí ar an sean-sgoil agus thiubharfadh na sgoláirí beart tuighe nuair bhiodh an sgoil ach beag agus ní raibh morán suidheachán ann. An clog abhí 'sa sean sgoil ní raibh ann acht clog bheag agus crochta ar tháirne ar an mballa a bhiodh sé.