Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán na Trá Báine (ar lean)
“Níl ins an gCruinne acht an taon bhaile amháin ¶ Mar baile na sinsir í talamh Trágha Bháin”
(ar lean ón leathanach roimhe)Is níl áit ann níos breághtha ná Fhlathamhnas Dé.
IV
Tá nidh ann in éinfheacht a mhéaduigheas go grádh
Tá subháilceas na bhfear ann is comhartas na mban
Tá céad míle fáilte ann an tae 'gus an tarán.
Le fághail ag gach siubhaltóir ó chúartaigh an Traigh Báin,
V
Traigh Bán go deo faoi ionnas mo shaoghal
Faoí dhidean na ntighthe le cion is leIs nuair thiocfas an Bás ann le mé fhágail ar fán
'Sé binn liom bheith curtha i dTeampall Traigh Báin.
VI
Se mo ghuidhe go Dhia go mbeidh sonas agus ór
Ag gach fear agus bean ins an dTráigh Bhán go deo
Acht fágaim anois nuair chríochnóchas mé m'Amhrán
Mo sheacht míle beannacht ag Baile an Tráigh Bháin.