Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is ní iongnadh liom do mhaithrín bheith go brónach im do dhiaidh
Is dá mbeitheá ar leabadh an bháis aice cé'r chás dhi thú bheith tinn
Acht do crochadh as na saltrachaibh is an baisteach le do druim.
7
Is ní slad mainistreach ná teampaill a rinne stór mo chroidhe
Ní feóil ná géir a shanntuigh sé ná rud ar bith mar é
In gheall ar bochlach Stanley a crochadh é mo léan
Is an té a bhfuil truaigh aige do Clainne Gaedhil an ceann go gcaillidh sé
VIII
Is tá gárda breagh láidir ag teacht le stór mo chroidhe
Gearaltaigh, Clann Dálaigh agus arm deas an Riogh
Maor óg ó Conaill agus ó Ceallaigh as Cuain Aodha
Is dá mbeadh triúr mar Conall óg agam
Ní chrochfaí stór mo chroidhe.