Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)
- Suíomh:
- An Droim, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ó Concheanainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Druim
- XML Leathanach 010
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag an righ í. Dubhairt an righ leis arís go mbainfidhe an ceann de mara mbeadh sé indon céad caora a ghoid ó bheirt fhear. Chuaidh sé ag an siopa aríst agus cheannuigh sé péire bróg. Leag sé ceann aca ag casán na gcaorach, agus leag sé an ceann eile i bhfad uatha sin. Chuir sé puiteach sa dara ceann. Chuaidh na caoirigh an casán agus an bheirt fhear ina ndiaidh. Chonnaic an bheirt aca an bhróig agus níor bhac siad léithi. Tháinig siad treasna ar an dara ceann. “Chonnaic muid a leath-cheann sin in-áit eicínteacht,” adeir duine aca. “Chonnaic, cébí cén áit é,” adeir an dara fear. Chuaidh an bheirt aca ar thóir na leath-bhróige. Thug síad leo í ach bhí na caoirigh scuabfidhe nuair a tháinig siad ar ais. Thug an fear na caoirigh ag an rígh. “Tá rud amháin le goid fós agat,” adeir an rígh, “agus séard é, braithlín a ghoid ó righ & ó bhainrioghan eile agus iad ina luighe uirthi.”
D’imthigh an fear agus a mhéar ina bhéal aige ag cuimniughadh ar chleas. Chuaidh sé go dtí an roilig agus thóg sé fear. Chuir sé an corp ina seasaimh ar aghaidh fuinneóig an rígh. D’éirigh an rígh agus rug sé ar a ghunna agus chaith sé an corp. Chuaidh sé go dtí an roilig agus chuir sé é sul dá bhfeicfeadh aonduine é. Nuair a bhí an rígh imthighthe tháinig an fear isteach. Chuaidh sé isteach sa leaba agus thosuigh sé ag rádh leis an mbainrioghan teanadh suas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Chualáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe