Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)
- Suíomh:
- An Droim, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ó Concheanainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Druim
- XML Leathanach 014
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sul mar phós sí bhí sí fá gheasa aon tsóirt a d'éireóchadh di gan a dhéanamh faoi ach gáire go ceann seacht mbliadhna. Nuair a bhí sí blian pósta rugadh mad di agus cailleadh é agus ní rinne sí faoi ach gáire. Sean duine a caillthí sa mbaile bhiodh sí ag caoineadh agus nuair a caillthí duine uirthí féin bhiodh sí ag gáire. Bhí sé mar sin go ceann seacht mbliadhna. Ní raibh aon lá do na seacht mblian nach ndhéanfadh sí léine go raibh dhá cheann déag déanta aici agus iad leagtha thart aici. Bhí a fhios aici go raibh na dearbhráithreacha le teacht aici. Dhá n-innsigheadh sí é ní thiocfadh na dearbhráithreacha aici. Níor innis sí d'aon duine go raibh siad le theacht. Bhí an mháthair agus na deirbhshiúracha ag iarraidh ar an bprionnsa í a chur ghá cois. B'fearr leis é féin a mharbhú ná é sin a dhéanamh léithi. Tháinig an dá fhear déag aniar go dtí í. Chaith sí léine ar mhullach gach duine aca, agus bhí siad chomh slán is bhí siad ariamh.
- Bailitheoir
- Siubhán Nic Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Úna Bean Ní Threasuidhe
- Inscne
- Baineann