School: An Druim (roll number 13528)
- Location:
- An Droim, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ó Concheanainn
![The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 014](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0071%2FCBES_0071_014.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 014
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Druim
- XML Page 014
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sul mar phós sí bhí sí fá gheasa aon tsóirt a d'éireóchadh di gan a dhéanamh faoi ach gáire go ceann seacht mbliadhna. Nuair a bhí sí blian pósta rugadh mad di agus cailleadh é agus ní rinne sí faoi ach gáire. Sean duine a caillthí sa mbaile bhiodh sí ag caoineadh agus nuair a caillthí duine uirthí féin bhiodh sí ag gáire. Bhí sé mar sin go ceann seacht mbliadhna. Ní raibh aon lá do na seacht mblian nach ndhéanfadh sí léine go raibh dhá cheann déag déanta aici agus iad leagtha thart aici. Bhí a fhios aici go raibh na dearbhráithreacha le teacht aici. Dhá n-innsigheadh sí é ní thiocfadh na dearbhráithreacha aici. Níor innis sí d'aon duine go raibh siad le theacht. Bhí an mháthair agus na deirbhshiúracha ag iarraidh ar an bprionnsa í a chur ghá cois. B'fearr leis é féin a mharbhú ná é sin a dhéanamh léithi. Tháinig an dá fhear déag aniar go dtí í. Chaith sí léine ar mhullach gach duine aca, agus bhí siad chomh slán is bhí siad ariamh.
- Collector
- Siubhán Nic Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway
- Informant
- Úna Bean Ní Threasuidhe
- Gender
- Female