Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)
- Suíomh:
- An Droim, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ó Concheanainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Druim
- XML Leathanach 029
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal.
Bhí righ fadó ann agus bhí inghean aige. Cailleadh a máthair. Phós sé arís 's bhí triúr ingean aige. Ní raibh an leas-inghean ag fághail ómóis ar bith ó'n leas-mháthair. Chuaidh an leas-máthair agus na triúr inghean ag an Aifreann, Domhnach. D'fhág sí an leas-inghean istigh agus dubhairt sí léithi cáca a dhéanamh do'n mín a chaith sí ar an urlár nó go mbeadh an ceann le cailleadh aici. Tháinig a máthair isteach annsin. Chuir sí culaidh éadaigh uirri. Rinne sí eachail dubh agus chuir sí amach ag an Aifreann í. Bhí mac rí ann agus shíl sé a bróg a bhaint di agus níor éirigh leis. An chéad Domhnach eile tháinig a máthair arís agus chuir sí culaidh níos deise uirri agus chuir sí amach ag an Aifreann í agus thárla an cleas céadna di. An treas Domhnach sciob mac an rí a bróg di. Tháinig sé go dtí an teach seo. Chuir sé an bhróg uirri agus phós sé í.
Faoi cheann trí ráithe bhí mac aici. Tháinig an leas-mháthair ag breathnughadh uirri. Thug sí mada beag léithi. agus chuir sí in-áit an pháiste é. Thug sí an páiste léithi agus bháth sí é. Faoi cheann trí ráithe eile bhí mac eile aici agus rinne an leas-mháthair an cleas céadna. Faoi cheann trí ráithe eile bhí mac eile aici agus rinne an leas-mháthair an cleas céadna.
D'innis an leas-mháthair do mac an rí gur mada a bhiodh aici. Dubhairt sí leis a h-inghean fhéin a phósadh agus í a dhíbirt. Rinne sé amhlaidh. Bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Donnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Droim, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Peadar Mac Donnchadha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann