Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)
- Suíomh:
- An Droim, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ó Concheanainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Druim
- XML Leathanach 077
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“Is a Críost nár mhór an áileacht i Púcán Mhicil Pháidín ¶ An lá ar sheol sí amach as Arainn, 's dárduigh sí an cránn nua”
(I)Is a Críost nár mhór an áileacht i Púcán Mhicil PháidínAn lá ar sheól sí amach as Arainn, 's dárduigh sí an cránn nua'S níl bréag ar bith mo ráidhthe, le feabhas is bhí sí cáithteNach dtáínic sé ina bháístighe ar dhá thaobh an cuan
(II)Ní raibh samhail ar bith le fághail aice ach an nós an bhradán fheárnachBheadh ag imtheacht ó na namhaid, 's nár sparáil ariamh siubhalLe feabhas is bhí sí déanta, nuair sháith sí ceann sa ngaoitheIs ba gearr leis an sluagh sidhe, nuair thigheadh ar an sgódh
(III)'S a Chríost nár mhór an áileacht í maidin lá na rástaíNuair a d'fhág sí céibh Cárna, 'sé na gála mór'S ag dul siad ag Leac na gCadrach, seadh sáith sí siar sa ngaoithe'S an fhairrge bhí na timcheall gur imthigh sí i na cheó(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Droim, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Bhreathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Droim, Co. na Gaillimhe