Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmealláin
- XML Leathanach 203
- XML “Daoine Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Daoine suibhail
Fuarthas an t-eolas seo ó Maighréad Bean Mhic Dhonnchadha, Leitirmaoláin, Co. na Gaillimhe.
Aois 73 bliain
Gairm bheatha: feilméaracht
Tógadh í i Leitirmaoláin agus chaith sí a saoghal ann.
Chuala sí an t-eolas seo óna máthair Nóra Nic Dhonnchadha
tuairim is 62 bliain ó shoin. Bhi Nóra Nic Dhonnchadha tuairim is 67 bliain d'aois nuair a d'inis si an t-eolas seo, agus chónaigh sí i Leitirmaoláin.
An dáta ar scríobhadh an t-eolas seo san leabhar: 9.12.1937.
Bíonn go leor daoine suibhail ag dul thart anois seachas fadó. Bíonn cuid acu an-chneasta agus cuid eile nach mbíonn mar bíonn siad ag goid earraí as na tithe a mbíonn siad ar lóistín iontu. Bíonn cuid acu ag insint scéalta agus cruinníonn na daoine isteach ag éisteacht leo mar bíonn siad an-spraoúil. Bíonn a gcuid éadaí leaba féin ag an gcuid is mó acu agus fágann siad málaí líonta le tuí le cur fúthu agus codlaíonn siad ar an teallach. Bíonn siad ag díol caintíní, snáthadaí, soithí, agus go leor earraí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Maighréad Bean Mhic Dhonnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe