Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainmneacha ainmhithe na fairrgeFuaireas na h-ainmneacha seo o:-
Bhairbre Bean Mhic Donnchadh
Leitirmaoláin, Co. na GaillimheAois 41 blian.
Gairm-bheatha. Feilméaracht
Tógadh í i leitirmaoláin agus chaith sí a saoghal ann.
Chuala sí na h-ainmneacha seo ó na máthair Maighréad Nic Dhonnchadha tuairm is 30 blian ó shoin.
Bhí Maighréad Nic Dhonnchadha tuirm is 62 blian d'aois nuair a d'innis sí na h-ainmneacha seo agus chómhnuigh sí i leitirmaoláin.
An dáta ar sgríobhadh na hainmneacha san leabhar seo:-
11..4..1938.Tá go leór cineál ainmhidhthe fairrge san tír seo mar atá Maighdean Mhara, rón, each uisge, mada uisge agus liobhán gréine.
1. Maighdean mhara:-
Bíonn sí sin in a cómhnuidhe san bhfairrge agus is leath-éisg agus leath-dhuine í. Duine ar bith a d'feicfeadh an Mhaighdean Mhara deirtear nach mbeadh sé i bhfad beó. Bíonn siad an-fhíadháin freisin agus an-mhór:
2. Rón:-
Bíonn siad sin in a gcómhnuidhe san bhfairrge(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Nic Donnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bairbre Bean Mhic Donnchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 41
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe