School: Leitirmealláin
- Location:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Éamonn Ó Gógáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmealláin
- XML Page 233
- XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”
- XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”
- XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”
- XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bean mhín ag fear borb,
Mac Dé na luighe san gcolg,
Aithris sin don dóigh-bhuilg,
Agus béidh sé slán. - 10.
Aon lá amháin tháinig an Mhaighdean Bheannuighthe isteach i dteach. Bhí cailín an tíghe ag déanamh cáca. Dubhairt sí leis an Maighdean Bheannuighthe a bhéith ag imtheacht nó go marbhóchadh bean a' tíghe í. Thug an cailín cuid de'n taos a bhí ar an méis aice dhi agus chaith an Mhaighdean Bheannuighthe isteach san teine é agus d'fhás diasracha coirce air. Chuaidh an cailín chuig an mnaoí agus iongantas uirthe agus dubhairt bean a' tíghe leis an Maighdean Bheannuighthe. "Tug tú deis dhomsa acht níor thug tú aon chroidhe dhom le na chaitheadh. - 11.
Tá sé ráidhte nuair a bhí ár Slánuightheóir ag imtheacht ó na Iúdaigh go ndeachaidh sé i bhfolach i bfaocha a raibh lanna uirthe agus ní raibh aon lanna ar an fhaocha eile san gcladach acht chuir Dia lannaí ar chuile fhaocha dá raibh ann ionnus nach mbéadh fhios ag na Iúdaigh cé'n fhaocha a raibh sé ann.- Collector
- Maighréad Nic Donnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Seán Ó Laighidh
- Gender
- Male
- Age
- 96
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Gólam, Co. na Gaillimhe
- 12.
Bhí máthair Iosa Chríost ag siubhal lá agus an leanbh ar an druim aice. Ní(continues on next page)