Scoil: Tír an Fhiaidh
- Suíomh:
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír an Fhiaidh
- XML Leathanach 074
- XML “An Céatach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chuaidh sí isteach faoi an mbord. Ba géarr a bhí sí ann go dtáinic triúr fear isteach agus shuidheadar ag an mbord. Dubhairt an chead fear a tháinig isteach gur baineadh blogam as a chúpán, agus dubhairt an dara fear an rud céadna, agus an tríomhadh fear amhlaidh. "Tá duine éicint san teach" adeir siad agus thosuigh siad ag breathnú thart. Chonnaicheadar an bhean ba bhreághtha dá bfaca a súile cheana ariamh istigh faoi an mbord. Thosuigh an dara fear agus an té dob óige ag troid le chéile faoi an mbean. "Béidir go bhfuil fear aici sin cheana" arsa an fear ba shine. "Tá dá mbéadh sé beo" adeir sise ag éirighe amhach ón mbord. "Tá póitín ioth-shláinte san seomra sin thiar" arsa an fear ba shine dhíobh "agus má chuireann tú cuid dhe air béidh sé chomh maith is bhí sé ariamh". Chuir sí an ioth-shláinte air agus d'éirigh an fear suas chomh beo is bhí ariamh.
Nuair a tháinig an oidhche bhí an triúr fear seo ag dul amhach. D'fhiafruigh bean an Chéatach dhóibh cé'n obair a bhiodh ar siubhal aca. Dubhairt siad go rabhadar ag marbhugad saighdiúri gach oidhche agus go mbíonn siad beo ar maidin. D'iarr an Céatach cead a dhul in éindigh leo. Dubhairt siad san go mbéidir go marbhóchaidhe é. Dubhairt seisean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sean Ó Conghalaigh
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe