Scoil: Tír an Fhiaidh

Suíomh:
Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 075

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 075

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír an Fhiaidh
  2. XML Leathanach 075
  3. XML “An Céatach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    nach marbhóchaide. Leis an gcainnt sin a rádh chuaidh sé in éindigh leo agus d'fán an bhean san teach. Mharbhuigh siad na saighdiúri. Chuaidh an triúr fear seo abhaile agus d'fhán an Céatach na luighe imeasg na marbh. Amhach faoi mheadhon oidhche tháinig cailleach ag marcaideacht ar chapall. Thosuigh sí uirri ag bualadh na saighdiúri le slaitín dhraoideacht. Bhí siad ag éirighe beo de réir mar bhí sí dá mbualadh. Chuimhnigh an Céatach air fhéin nach ag cuidiú leis a bhéadh an méid a bhéadh beo des na saighdiúri. Nuair a bhí sin déanta aige d'ionnsaigh sé an chailleach. Bhí sé fhéin agus an chailleach in agaid a chéile go raibh sé' na lá. Mharbhuigh an Céatach í ach sul a raibh sí ar an líosta dubhair sí "cuirim faoi gheasaí thú a dhul go dtí cailleach bhun an aill agus a rádh gur mharbhuigh tú an t-all agus cailleach an aill." Chuaidh an Céatach go dtí cailleach bhun an aill. Bheannuig siad dá chéile agus dubhairt an chailleach leis suidhe. "Ní le suidhe a tháinig mé" ar seisean "ach mharbugh mé an t-all agus cailleach an aill.
    D'éirig an chailleach siad chuige thosuigh siad ag troid agus mharbhuigh an Céatach í ach sul ar éag sí dubhairt sí. "Cuirim-se fé gheasaí thú a dhul go dtí an reithe rasac agus a rádh leis gur mharbhuigh tú an t-all, cailleach an aill agus cailleach bhun an aill. Chuaidh an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Céadach (~8)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Sean Ó Conghalaigh
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe