Scoil: Tír an Fhiaidh
- Suíomh:
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír an Fhiaidh
- XML Leathanach 111
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)198. D'aithneóchainn-se uibheacha san áit a mbéadh blaosgacha.
199. Robáil Thadg Ui Choláin an aon a dhíol amhach.
200. Tús na luan is na seachtmhaine.
201. Domhnall ar méisge is a bhean ag ól uisge.
202. Brocán ó aréir é is mairg nach thé é.
203. Cuid Pháidín gan mheadan an d'iorbaillín caol.
204. Beireann dall ar girrfiadh.
205. Is léar don dall a bhéal.
206. Ná bí ag cainnt leis na cosa an fhad is bhéas an ceann i láthair.
207. Is fada siar é an biadh sa bfaocha.
208. Tá tú com dona le capall Dhonncadha ag rith ó chúile mhúr.
209. Suailceas na hoinsighe straois mhór i gcomnaidhe.
210. Siar is aniar is ag baint stiall de'n lá.
211. Chuala tú ariamh é nach bfuil aon mhaith san bpaidrin fada.
212. Chuala tú ariamh é nach bhfuil aon mhaith san aithrighe mhall.
213. An áit a gcailltear feánntar.
214. Ineacaí bhriain agus a dhá shúil na dhiaidh.
215. Is maith an cuimhne fós é pic agus roisín.
216. Ní fearr dhuit aoinne a throisge ná dearg-daol a loisge.
217. Is lugha ná frioth máthair an droc ádhbhair.
218. Cuir sa gcófra é agus gheobhfaidh tú gnaithe dhe.
219. I ndiaidh na tairbhe a bhíonn an grádh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Chonghalaigh
- Inscne
- Baineann