Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: N., Bean Uí Cholchúin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 331](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0072%2FCBES_0072_331.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 331
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)soitig a ndótáin aca san teach bí an oireadh sin bainne ag na ba an dara lá tainig an dara fathach agus marbuig Ridhire é sin freisin an tríomad lá táinig fatac na gcúig ceann na gcúig muinéal mór ramhar Bain Ridire na cleithe na gcúig ceann de le buille amain dá cleith Ba le Ridire annsin na thrí caisleáin agus gac rud dá raibh ionntha. Nuair a biodhar cois teine an oidhche sin bí cuma bronach ar an bfeilméar Ce'n bron é sin orth a duine uasal arsa ridire na cleithe Tá arsan feilméar péist mór a tagann annseo uair san seactmad bliadain agus caitean sí ingean an rí d'fagail le n-ithe no d'iosadh sí an dutaig. Tá an péist sin le teacht ambarac agus tá an rí le dubairt dí thíos ceangailthe ar an tráig. Is mór an scrios é is mór adeir Ridhire na cleithe. Taréis na ba a cuir go talmhan na fathach ar maidin cuaid sé go dtí an caisleáin. Cuir sé ar culaith airmh bréag uasal a bí aighe agus fuair sé a claideamh solas cuaid ar marcaideacht ar an gcapall caol donn(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Seóíge
- Inscne
- Baineann