Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Nualláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ceann de sgadan na h-Éireann tháll i Meriocá. Níl sé fáigte amach ceart fós an é an caoi a sceitheann sé faoí do sa mbliadhain. Más fíor siolruígheann sé san Earrach agus sa bhfóghmhar. Ó fheíl Brighid go marta a síolruígheas an scadán Earraíg agus ó Lugnasa go deire fógh a sgeitheas an sgadán fóghmhair. Bíonn idir triocha agus ceathracha eocraídh annar siolrú dhó.Tá an cineál sgadán ann an lábanach agus an teochrasach. Sé an t-eochrasach a shiolruigeann agus dá bhrígh sin sé an labánach an ceann fireann. Is fearr leis na daoine an teochrasach mar, mar a bhfuighfídh an labánach a dhóthain den teine nú bíonn sé go deas. Na dhíaidh sin fhéin nó 'chuile duine a chaithfeadh uaidh é nuair a gheobhfádh se rostaíde ar a phláta é.