Scoil: Cloch Bhreac (uimhir rolla 12106)
- Suíomh:
- An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhíonns bogha ar an ngealach, is comhartha baistighe éNuair a bhíons an spéir dorca, is comhartha baisteach éNuair a bhíonns ceo ar na cnuic, is comhartha é go bhfuil baisteach le teachtNuair a bhíonns dusta ag éirig den bhothar bíónn baisteach agus gaoth mhór le theachtNuair a bhíonns an speir dearg thoir, bíonn baisteach le theachtNuair a bhíonns an loch ciúin, agus scaile na tighthe le féiceal shios ann, is comartha baisteach éNuair a bhíonns na faoillean ag teacht isteach ar an talamh agus na preacain ag greagail ins an spéir, is comhartha é go bhfuil baisteach le theachtNuair a bhíonns na síóngain ag siubhal ar an mbothar bíónn baisteach le theachtNuair a bhíónn an mada ag iththe féir, is comhartha baistighe éNuair a bhíonns an cat i naice leis an téine is comhartha é go bhfuil baisteach le theachtNuair a bhíonns gaoth aniar, bíonn baisteach ar (?)Nuair a bhíonns an mada ag ól uisge, is comhartha é go bhfuil baisteach le theacht(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Floinn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe