Scoil: Cloch Bhreac (uimhir rolla 12106)
- Suíomh:
- An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an gásúr ach an chlaidheamh a tharrainghte agus an cloigeann a bhaint don fhathach leis an gclaidheamh fuair sé ón fhathach eile. Annsin bhí na trí fathach marbhú aige. Annsin chuaidh sé abhaile ag teach an rí a raibh sé ag cúdach na mbeithidhigh dhó. Lár na bháireach chuaidh an gásúr ag teach na bhfathaí. Bhí go leor airgid agus ór i dteach na bhfathaí, chuir sé ar an chulaith ab'fhearr a bhí ag na fathaí. Thug sé an capall ab'fhearr a bhí acu leis. Annsin dimthigh sé leis agus bhí aonach le bhéith i na leitheide seo d-áit agus bhí an rí a bhí sé ag cúdach na mbeithidhigh dhó le dhul ann freisin. Nuair a chuaidh sé ag an n-aonach chuaidh sé thríd an n-aonach. Nuair a chonnaich siad an fear uasall seo ag dul suas an tsráid ní raibh fhíos acu cé bhí ann. An chéad lá eile cuaidh an gásúr ag an aonach a bhí i n-áit eile agus thug sé an capall leis agus ghléas sé é fhéin. Chuaidh sé suas sráid an aonaigh agus ní raibh fhíos ag duine bith cé bhí ann. An chéad lá eile dimthigh an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Mhuráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tómás Ó Muráin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe