Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agatsa amháin, mo bhall dubh faoi an sgeithigh sin thall go mbídh an tAifreann thart agus feicfhidh gach aon duine mé annsin ag imtheacht in m'aingil geal go na Flaitheas." "Seo anois fáinne dhuit bhí ag mo bhean agus nuair a fheicfheas m'inghean (thú) é, annochaidh sí é agus fiarreochaidh sí shíot, cá bhfuair tú é, agus annsin innis mo sgéal."
Dimthigh leis annsin agus chuaidh an ghabha a chodhladh go dtáinic an duine uasal ag glaoidheach air ar maidin. "Tá tú beo" ar seisean. "Níor cailleadh le claidrigheacht ariamh mé" ars an gabha. Nuair a tháinic sé chun a tighe, fuair sé baisín uisge dá nigheachán fhéin. Chuaidh inghean an tighearna tharais agus chonnaic sí an fáinne.
"Ó" ar sise "cá bhfuair tú fáinne mo mháthar". "An aithnigheann tú é" ars an gabha. "Ó aithnighinn" ar sise "tabhair dom é". "Suidighidh síos anois agus inseochaidh mé an sgéal ó thús go deireadh díobh". Dinnis sé dóibh mar fuair sé é agus thug sé an mac leis go dtí an teach mór gur teasbáin sé an t-airgead agus an t-óir dhó. Dimthigh leo annsin thart ag na tionnántaí uilig agus thug dóibh ar bhain sé ecóireach díobh agus tuilleadh leis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mártain Ó Spealáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe