School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír na Cille
- XML Page 072
- XML “Scéal - Fear an Chamáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agatsa amháin, mo bhall dubh faoi an sgeithigh sin thall go mbídh an tAifreann thart agus feicfhidh gach aon duine mé annsin ag imtheacht in m'aingil geal go na Flaitheas." "Seo anois fáinne dhuit bhí ag mo bhean agus nuair a fheicfheas m'inghean (thú) é, annochaidh sí é agus fiarreochaidh sí shíot, cá bhfuair tú é, agus annsin innis mo sgéal."
Dimthigh leis annsin agus chuaidh an ghabha a chodhladh go dtáinic an duine uasal ag glaoidheach air ar maidin. "Tá tú beo" ar seisean. "Níor cailleadh le claidrigheacht ariamh mé" ars an gabha. Nuair a tháinic sé chun a tighe, fuair sé baisín uisge dá nigheachán fhéin. Chuaidh inghean an tighearna tharais agus chonnaic sí an fáinne.
"Ó" ar sise "cá bhfuair tú fáinne mo mháthar". "An aithnigheann tú é" ars an gabha. "Ó aithnighinn" ar sise "tabhair dom é". "Suidighidh síos anois agus inseochaidh mé an sgéal ó thús go deireadh díobh". Dinnis sé dóibh mar fuair sé é agus thug sé an mac leis go dtí an teach mór gur teasbáin sé an t-airgead agus an t-óir dhó. Dimthigh leo annsin thart ag na tionnántaí uilig agus thug dóibh ar bhain sé ecóireach díobh agus tuilleadh leis(continues on next page)- Informant
- Mártain Ó Spealáin
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe