Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an mbuachaill, agus mharbhuigh sé an oilphéist, agus dimthigh sé abhaile ag a mháighistir. "Bhuel" adubhairt an fear leis, "tá mise ag dul ag bainis, agus tiocfhadh tusa liom, agus caitfhidh tú súil a choinneál ar chuile phláta sa teach, agus dhá shúil ar mo phláta-sa.
Thagidh an buachaill leis, agus chuile bullán a bhí ag fear an tighe, bhain sé na súile amach asta, agus chuir sé isteach i mála iad, agus dimthigh leis chomh fada le teach na bainse, agus dfhág sé súil ag chuile phláta, agus dhá shúil ar phláta a mháigistir. Chonnaic an fear na súile, agus dubhairt sé leis an mbuachaill nach sin é an rud a dubhairt sé chor ar bith. "Bhfuil tú ag fághail lucht air" ars an buachaill. "Tá" dubhairt an fear agus bhain an buachaill na cluasa de, agus cailleadh é. Dimthigh an buachaill abhaile chuig a mháthair, agus bhí siad saidhbhir arís go deó.- Faisnéiseoir
- Martain Seoighe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe