School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír na Cille
- XML Page 118
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Seanfhocla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé amach ina shioda. (móin)
11. Tá sé thoir agus tá sé thiar, tá sé i ngáirdín Bhaile Athá Chliath, is mó a greim na greim capall agus ní bhlasfhainn sé do bhiadh (speal)
12. Cén tám is aoidge cuaidh mairtfheóil (nuair a léim a bhó thar an Gheallaigh)
13. Trí cosa ináirde, dá chois ar an talamh, agus cloigeann an duine beo í mbéal an duine marbh
(Pota ar chloigeann duine) - Sean Fhocla
1. Tosnughad maith leath na hoibre.
2. Ní hé lá na gaoithe lá na scolb.
3. Ní thagann an óige fá dhó choidche.
4. Ag cuimilt mealla ar dhruim na muice meithche.
5. An té bhíonn ag magadh, bhíonn a leath fá fhéin.
6. An té nach iompruigheann a chóta leis lá bréagh, ní bheidh sé aige lá fliuch.
7. Cruinnigh suas tiocfhadh an lá fliuch.
8. Is glas iad na cnuic i bhfad uainn.
9. Nuair is cruaidh den cailligh caitfhid sí rith.
10. Is ar mhaithe leis fhéin a dheanann an cat cronán
11. Ní túisge deoch na sgéal
12. Is fearr marcaigheacht ar gabhar ná coisidheacht dá fheabhas.
13. Is maith an tannlann an t-ocras.
14. Is fearr go deirneach ná go bráth.
15. Bíonn blas deas ar an óige.
16. Is geall leis an bhfiac dubh an ghearrcach féin.(continues on next page)