Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar chuile teach ar an mbaile agus bhí sí na staic annsin. An chéad oidhce eile ghoid sé bullán mór uaithi agus annsin deirim-se leat gurd fhead siad bheadh ag ithe. Nuair a deirigh sí ar maidin, chuimhnigh sí gur bé a mhac a ghoid é, agus dubhairt sí le na dhearbhrathair dul síos aige agus a rádh leis go mbeadh damhsa mór acú anocht agus go raibh bosca mór sa mbealach a chaithfidh siad é athrugadh go dtí an sciobál agus bhí sí fhéin le dul isteach sa mbosca an chaoi go gcluinfheadh sí cainnt ar an mbullán agus ar na fataí, má sé a mac a ghoid iad.
Chuaidh sí isteach sa mbosca agus thug sí dhá cháca léithe agus thug a mhac síos chuig an sciobal é agus nuair a bhí sé imthigthe chuaidh a dhearbhrathair chuig an mbosca agus bhris sé é agus fuair sé a mháthair istigh ann agus ní rinne sé acht bhreith ar phíosa den arán agus é sháthadh síos ina mhineál agus í thachthadh.
Lár na bhárach tháinig a mhac i gcoinne an bhosca agus nuair a dfhosgail sé é, chonnaic sé a mháthair agus í caillte, agus shíl sé gur bé í phlucadh a rinneadh agus thug sé leis í agus chuir sé í. An oidhce son chuaidh an dhearbhráthair eile chuig an gcill agus thóg sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádhraic Mac Samharain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 24
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe