Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mé annso act d'éirigh mo chroidhe le h-áthas nuair chuala mé an ceol áluinn binn” Dhearc sé uaidh ingach uile áit. D'fhéac sé suas ar an gcrann agus chonnaic sé éan beag bídeach dubh agus é ag cantan an cheoil ba bhinne a chuala duine ar bith beo ariamh. Tháinig áthas an domhain ar an sean-Rí nuair chonnaic sé an t-éan agus ars sé “Ní bheidh suimhneas ná solas ar mo chroidhe go deó go bhfuighidh mé greim ar éan an cheoil bhinn sin” Bhí an t-éan ag seinm go binn i gcomhnaidhe. Níor fhéad an fear imtheacht act ag eisteacht nó go raibh an oidhche ann. Faoi dheire d'imthigh an t-éan isteach faoi bhun an chrainn agus síos ins an talamh leis.
D'imthigh an Rí abhaile. D'innis sé dá thriúr mhac fé gach rud a thárla dó ó mhoch na maidne agus ars sé leo “Ní bheidh suaimhneas ar mo chroidhe nó ar m'intinn go deo go bhfuighidh mé an t-éan áluinn sin. Caithfidh sibh é fáil dom. Tiocfaidh sibh liom amáireach go dtí an áit sin agus cluinfidh sibh an ceol binn. An té a chluinfeas an ceol sin ní fhanfaidh brón nó imnidhe air”.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 24
- Gairm bheatha
- Iníon feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe