Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus gabh sé buidheachas leis an gcapall. Isteach leis arís go teach an Ríogh fó thalamh. Gléasad carbad dó agus d'fhág sé féin agus “an tÉan” beannacht ag an Rí agus d'imthigh leó go dtáinigeadar go béal na h-uaimhe. Labhair an buachaill agus ars sé “Tarraingidh aníos mé”. Bhí an sean-Rí agus a bheirt mhac ag béal na h-uaimhe. Thosuigh siad ag tarraingt. Ba ghearr go raibh an bheirt ar an mbruach.
Bí an áthas ar an tsean Righ faoi gur eirigh chomh maith le na mhac. Thug sé a chaisleán bhreagh suas dá mhac do b'óige Pósad é agus “Éan an Cheoil Bhinn”. Bhí sluagh mór bailighthe ag an mbainfheis. Bhí saoghal breagh aca uaidh sin amach Tamall indhiaidh sin cailleadh an sean Rí Bí brón mór ar a chloinn mac agus ar muinntir na tíre indhiaidh.Is fearr beagán den ghaol ná morán de'n charanthacht
Is fearr cara sa gcúirt ná púnt sa sparán
Is fearr súil ar mhuir ná súil ar chill
An rud is giorra don bhéal sé is goire don chroidhe- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 24
- Gairm bheatha
- Iníon feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe