Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 366
- XML “Beirt Amadán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gceist do reidhtiughadh agus as go bráth leis go dtí teach an amadáin bhig Fuair sé an t-eolas abhí uaidh annsin ach níor chuala sé tada fé'n gcleas a h-imireadh ar an duine uasal. Chuaidh sé abhaile agus áthas an domhain air. Mharbh sé bó bhreagh agus d'fheann sé í Thug sé an croiceann leis cun é do dhíol. Ní bhfuair sé acht dá sgilling go leith air. Ba bhrónach an sgéal leis annsin nuair nár eirigh leis go leor saidhbhris d'fháil ar nós an fhir eile.
Tamall indiaidh sin fritheadh amach gur imir an t-amadán beag feall ar an duine uasal Gabhadh é agus cuireadh isteach sa bpriosún é. Múineadh dó a bheith cneasda an cuid eile dá shaoghal.
-------
1. Fásann níos mó ingort ná mar a cuirtear ann.
2. Is milis an béal. socar
3. An t-uisge doimhin is ciúin a ritheann
4. Féach sul a leimeann tú.- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Shomacáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Bhríde, Co. Mhaigh Eo