Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé suas igcrann a bhí inaice leis an teach. Ní raibh sé ibhfad ann nó gur tháinig triúr fear agus thosuigh siad ag leagadh an tighe. Chuir Séamas a lámh ina phóca agus thóg sé cloch as agus chaith sé le ceann aca í agus bhuail sé ar a cheann í. leis D'ionnsuigh an fear a buaileadh an bheirt eile agus mharbh sé iad mar cheap sé gurbh iad san chaith an chloch leis. Nuair bhí sé ag imtheacht. chaith Séamas cloch eile leis. Sheas an fear agus d'fhéach sé thart air i n uile áit. D'fhéac sé suas san gcrann agus chonnaic sé Séamas.
Ghlaoidh sé air. Tháinig Séamas anuos [< aníos] chuige agus nuair a chonnaic an fear an paipéar thug sé cuireadh do Shéamas dul abhaile leis. Glac sé an cuireadh agus as go bráth leo. Nuair srois siad an teach chuaidh siad isteach san teach. Tar eis tamaill tháinig siad amach arís. Bí cloch mhór taobh amuigh de n doras agus dubhairt an fear gurbh é sin an caitheamh aimsire a bhíodh aige gach lá gá caitheamh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Ó Fhloinn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe